Sasana

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Sasana
Bratach Shasana
Bratach
Mana: Gan ann dó
Amhrán náisiúnta: God Save the Queen (de facto)
Suíomh Shasana
Príomhchathair Londain
51°30′ Thuaidh 0°10′ Thiar
An chathair is mó Londain
Teangacha oifigiúla Béarla
Rialtas Monarcacht
Elizabeth II [1]
cuid den Ríocht Aontaithe
Lonnú na hAngla-Shacsanaigh
5ú - 6ú haois AD
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
130,279 km² ([[Liosta tíortha de réir achair|]])
Daonra
 • Meas. ó 2016
 • Daonáireamh 2011
 • Dlús
 
55,268,100 (68ú)
53,012,456
424.3/km² (30ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
U S$10.28 billiún (133ú)
US$37,747 ([[Liosta na dtíortha de réir OTI (PCC) an duine|]])
Airgeadra Punt steirling (GBP; £) (GBP)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
0 (UTC)
+1 (UTC)
Fearann Idirlín
Glaochód +44

Tír in oileán na Breataine Móire is ea Sasana (Béarla: England; Coirnis: Pow Sows). Is é Sasana príomhthír na Ríochta Aontaithe.

An tír[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá sé ag críochantaíocht le hAlbain sa tuaisceart agus leis an mBreatain Bheag san iarthar. Go hoifigiúil, is cuid de é Corn na Breataine, ach níl Oileán Mhanainn agus Oileain na nIocht suite i Sasana. Is é Sasana an náisiún is mó sa Ríocht Aontaithe. Fuair sé a ainm ó na Sacsanaigh, a chuir an tír ar bun. Thángadar go dtí an Bhreatain ó mhór-roinn na hEorpa. Thugadar a dteanga leo go dtí an Bhreatain, an Sacs-Bhéarla nó an Béarla mar is gnách a thabhairt air anois. Scaipeadh teanga agus cultúr Shasana ar fud an domhain le linn ré Impireacht na Breataine, a mbíodh críocha ollmhóra faoi smacht aici i ngach mór-roinn.

Tírdhreach agus Timpeallacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Dhá thrian achair na Breataine Móire atá i Sasana, chomh maith le roinnt oileán eile, de shaghas Inis Iocht agus Na Scillí. Chomh maith le bheith ag críochantaíocht leis an mBreataine Bheag agus an Alban, tá Sasana scartha ón Fhrainc ag dorchla mara de 34 chiliméadar, agus tollán iarnróid á gceangailt idir Folkestone agus Calais. Tá cóstaí ar cheithre fharraige ag Sasana: ar an Aigéan Atlantach, ar Mhuir Éireann, ar an Muir Thuaidh, agus ar Mhuir nIocht.

Port Felixstowe, agus long á lódáil
Port Felixstowe

Is iad Felixstowe agus Grimsby agus Immingham na poirt is mó i Sasana[2][3],agus is í an tSabhrainn an abhainn is mó atá i Sasana. Is í an abhainn is mó atá go hiomlán i Sasana (tá an tSabhrainn freisin sa Bhreatain Bheag) ná an Tamais. Cosúil le hÉirinn, tá a lán tírdhreacha cnocaigh i Sasana, go háirithe sa Tuaisceart agus san Iarthar, agus lochanna go leor inti. Is í an loch is mó sa tír ná Lake Windermere, suite i réigiún fíor-ainmnithe na Lake District.

Inbhear na Sabhrainne, agus a dhá droichead, ag breathnú chun an Deiscirt. Is Sasana é an bruach clé, agus is Breataine Bheag é an bruach deas.
Lake Windermere

Is iad na Pennines an sliabhraon is sine sa réigiún, iad cruthaithe ag deireadh na Pailéasóiche 300 milliún bliana ó shin. Is go príomha as gaineamhchloch, aolchloch agus gual iad. Tá réigiúin charst sna réigiúin saibhir de chailcít, de shaghas Yorkshire agus Derbyshire mar shamplaí. Tá ann trí pháirc náisiúnta: na Yorkshire Dales, Páirc Náisiúnta Nortumbarlann, agus an Peak District. Is í an bhinn is airde i Sasana ná Scafell Pike, i gContae Cumbria. Go cóngarach leis an teorainn Albanach, tá suite na Cheviot Hills.

Scafell Pike

Faightear machairí Shasana laisteas de na Pennines, agus grúpaí éagsúla cnoc ann: na Cotswolds, na Chilterns, na North Downs agus na South Downs ina n-áireamh – nuair a bhuaileann siad leis an muir, feictear na carraige bána atá iontu, mar shampla ag Aille Dover. Is d'fhearainn arda é leathinis an Iardheiscirt, ina n-áireamh Exmoor agus Dartmoor, araon ina bpáirc náisiúnta, agus tá aeráid aigéanach láidir aici.

Aille Dover

Aeráid[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is aeráid aigéanach mheasartha atá ag Sasana. Bíonn an aimsir séimh: go ginearálta, is annamh a théann an teocht thíos 0°C sa gheimhreadh nó a théann sí thuas 32°C sa tsamhradh. Is iad Mí Eanáir agus Mí Feabhra na míonna is fuaire, an dara ceann go háirithe ar an gcósta, fad is Mí Iúil an mí is teo. Tá an fliuchras spréite ar fad na bliana, cé go mbíonn an samhradh níos tirime go ginearálta ná an geimhreadh.

In áireamh na dtosca ar aeráid Shasana, tá a ghaireacht leis an Aigéan Atlantach, a dhomhanleithead tuaisceartach, agus téamh na farraige ag Sruth na Murascaille – na tosca céanna a shocraíonn aeráid na hÉireann, bíodh go bhfuil gach ceann eatarthu i láidreacht beagán níos lú. Is sa Lake District, san Iarthuaisceart, atá na háiteanna is fliche na tíre. Ó tosadh cáipéisí na haimsire, is í 38.5°C an teocht is airde ar a ndearnadh cuntas, ar 10ú Mhí Lúnasa 2003 ag Brogdale, Kent, agus is í −26.1°C an teocht is ísle, ar 10ú Mhí Eanáir 1982 in Edgmond, Shropshire.

Cathracha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is í Londain, an phríomhchathair, cathair is mó Shasana – má thomhaistear de réir daonra sa líomatáiste faoi fhoirgnimh, tá thart ar 10 milliún duine inti. Tar a éis, tá Manchain (2.5 milliún), Birmingham (2.5 milliún), Leeds (1.8 milliún) agus Learpholl (800,000).[4]

Contaetha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Na cathracha is mó[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tíreolaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Réigiúin[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Oirthuaisceart Shasana
  2. Iarthuaisceart Shasana
  3. Sír Eabhraic agus an Humber
  4. An Lár-Réigiún Thiar
  5. An Lár-Réigiún Thoir
  6. Sasana Thoir
  7. Oirdheisceart Shasana
  8. Iardheisceart Shasana

Siombailí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is iad an St George's Cross agus armas na Three Lions príomhshiombailí Shasana. Úsáídtear siombailí eile freisin, mar shampla an dair agus an rós. Is é Lá Naomh Seoirse (23 Aibreán) an lá náisiúnta.

Féach freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Visit England (bord turasóireachta)