Lahore

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lahore
لاہور‬‎ (Urdais)
لہور‬ (Puinseáibis)
Lahore
Rialtas
Tír Flag of Pakistan.svg An Phacastáin
Cúige Puinseab
Méara Mubashir Javed
Déimeagrafaic
Achar 550 km²
Daonra 11,126,285
Dlús daonra 20,205/km²
Airde 217 m

Príomhchathair Chúige na Puinseaibe is ea Lahore (Puinseáibis:لہور‬;Urdais:لاہور‬), an dara limistéar cathrach is mó sa Phacastáin agus an 18ú chathair is mó daonra ar fud an domhain. Tá meascán mearaí ciníocha agus cultúr sa phríomhchathair

Is ionad tábhachtach é san Áise Theas, le stair shaibhir a théann siar thar na mílaoise. An ionad is mó cultúrtha sa Chúige agus sa Stát is ea Lahore, agus is é an chathair Phuinseabach is mó sa domhan.

Seasann Lahore mar mhol lárnach eacnamaíochta, polaitiúla, cumarsáide, oideachais agus siamsaíochta na Pacastáine.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí Lahore ina phríomhchathair ar feadh :

  • na n-impireachtaí 'Ríoraí na gCabúl Shahi', sa 11ú Céad,
  • na nGhaznavideach sa 12ú Céad,
  • na nGhurideach sa 12ú agus 13ú Céad agus
  • na Mógalach sa 16ú Céad.

Ón bhliain 1792 go 1849, bhí Lahore mar phríomhchathair Impire na Suíceach.

Ar an 27 Márta 2016 (Domhnach Cásca), bhí sléacht i Lahore. Maraíodh 72, lear measartha Críostaithe, nuair a phléasc buama de chuid an Jamaat-ul-Ahrar i bpáirc. Go leor teaghlach a bhí ann[1].

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. https://en.bywiki.com/wiki/2016_Lahore_suicide_bombing https://editorials.voa.gov/a/us-condemns-terrorist-attack-in-lahore/3268984.html http://foreignpolicy.com/2016/03/30/after-lahore-the-talibans-rise-in-pakistan-continues/